Cur síosRógaire gan sárú é Anansi na n-ocht gcos. Is nós leis bob a bhualadh ar na déithe agus olc a chur ar a chomharsana. Ach taobh amuigh de sin níl sé ródhifriúil liomsa ná leatsa, i ndáiríre. Is breá le Anansi bheith ag comhrá leis na hainmhithe eile (nuair nach mbíonn sé á n-ithe). Is breá leis scéalta agus scéalaíocht. Ach bí ar d’aire, is breá leis bheith i mbun cleasaíochta freisin!Tá cur síos ar naoi gcinn d’eachtraí iomráiteacha Anansi sa leabhar seo ó pheann Éamoinn Uí Ruanaí.Anansi is a lovable rogue who likes to play tricks on and irritate his neighbours. However he is quite social and likes to chat with other animals…when he’s not eating them.