Leabharlann saor in aisce - leabhair nua

Gaillimh le Gaeilge – Díolaim Cathrach - Brian Ó Conchubhair a roghnaigh

TEANGA: Gaeilge
ÚDAR: Brian Ó Conchubhair a roghnaigh
ISBN: 9781784442071
FORMÁID: PDF EPUB MOBI MP3
DÁTA DE:
MÉID: 3,71

Iad go léir Brian Ó Conchubhair a roghnaigh Leabhar gur féidir leat a léamh agus a íoslódáil uainn

PRAGHAS: SAOR IN AISCE

Maidir leis an leabhar:

Cur síosTar éis a bhfuil de chaint déanta faoi scríbhneoirí Gaeilge Chonamara, ní mórán béime a leagtar ar an aon chathair Ghaeltachta atá sa tír: baile mór na Gaillimhe. Tá muintir Chonamara ag déanamh a mbealaigh isteach sa mbaile mór chomh fada siar is atá siar ann, agus ta a lorg féin fágtha ar an gcathair acu – agus ag an gcathair orthu. Sa díolaim seo gheofar léargas ar chathair na Gaillimhe i litríocht chruthaitheach na Gaeilge, leithéidí scríobhneoirí próis mar Shean-Phádraic Ó Conaire, Dónall Mac Amhlaigh, Máirtín Ó Cadhain, Breandán Ó hEithir, Micheál Ó Conghaile, agus saothar filí mar Mháirtín Ó Direáin, Joe Steve Ó Neachtain, Áine Durkin agus Pauline Nic Chonaonaigh. Gaillimhigh iad uilig a dhéanann cíoradh cáiréiseach cúramach ar an ngaol idir cathair agus tuath. Ach ní taobh le scríbhneoirí Gaeltachta amháin atá an cnuasach seo. Cuid de dhlúth is d’inneach na Gaillimhe is ea an líon daoine a thagann isteach agus a chuireann fúthu ann, agus a dhéanann a gcuid féin de – leithéidí Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Louis de Paor, Máire Holmes, Alex Hijmans, Micheál Mac Liammóir – agus a spreagann iad chun dul i mbun pinn. Anois céard déarfá le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!